BEITHILÍN BEO, ANIMHÍ BEO, AISTEOIRÍ BEO agus SPIROAD NA NOLLAG
Beidh An Beithilín Beo ar siúl ar an Satharn 15ú agus Domhnach 16ú de Mí na Nollag 2018 in Áras Chrónáin ionad Cultúrtha i gCluain Dolcáin, B.Á.C. 22. Arís i mbliana gealltar go mbeidh sé an-speisialta agus taitneamhach arís i mbliana.

Cinnte de go mbainfidh gach aon duine ó 3 bl go 93bl taitneamh, iontas agus go mblaisfidh cách spiorad na Nollag ón léiriú leithleach seo ón bpobail.

Is coincheap é an Beithilín Beo d’iar-aisteoir de Ros na Rún, Breandán Ó Muirí. ‘Sé Brían Ó Gáibhín a bhéas i mbun léiri agus faoi stiúir ag Óisín Mac Tiarnáin. S’iad foireann agus criú an Beithilín Beo ná Aisteoirí Chrónáin agus cairde Mhuintir Chrónáin agus Áras Chrónáin.

Cead Isteach SAOR agus beidh tae, caife, seacláid the agus pióga mionra ar fáil. Is féidir síntiús a thabhairt a bheidh ina chabhair chun a cinntiú go leanfaidh an togra pobail seo.

ÓCÁID: Beithilín Beo
(Ainmhithe, Aisteoirí agus Spiorad na Nollag )

CATHAIN: Satharn 15ú & Domhnach 16ú Mí na Nollag’18

CÉN ÁIT: Áras Chrónáin Ionad Cultúir,
Lána Uisce
Ó Bóthar an Úlloird
Cluain Dolcáin
Baile Átha Cliath 22
I gcroílár Chluain Dolcáin

AM: 1:00p.m. – 5.00p.m.
(LÉIRIÚ GACH 45 NÓIMÉAD)

CEAD ISTEACH: SAOR