Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Óstán Citywest, Teach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath arís ó 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2019.

Is é an tOireachtas fós an fhéile náisiúnta is Gaelaí sa tír. Táimid ag súil le pobal na Gaeilge as gach aon chearn aghaidh a thabhairt ar Óstán Citywest chun sult agus spraoi a bhaint as an réimse leathan imeachtaí a bheidh ar siúl.

Ar mhaith leat a bheith páiteach, an féidir leat cuidiú? – Criú Oireachtas na Samhna 2019:

Más spéis leat cuidiú leis an bhfoireann áitiúil  le linn na féile 2019, déan teagmháil le Brian Ó Gáibhín in Áras Chrónáin Ionad Cultúir brian@araschronain.ie nó 01-4574847