SnaGÁCT 20201

Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas Seolta 2021

Is breá le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus le Leabharlanna Átha Cliath Theas i gcomhpháirt le hÁras Chrónáin Seachtain na Gaeilge ar líne Átha Cliath Theas (SnaGÁCT) a chur in bhur láthair. Is cúis mhórtais do Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath chun tacú le Seachtain na Gaeilge chomh maith le tionscnaimh Ghaeilge Le Chéile ina dtugtar spreagadh do dhaoine a labhraíonn an Ghaeilge ina ngnáthshaol laethúil. Baineann trí chéim shimplí leis sin: Gaeilge a úsáid, Gach Lá, Gach Áit, le Gach Duine – Use Irish Everyday, everywhere with everybody.

Táthar ag súil go gcloisfear an Ghaeilge labhartha níos minice inár bpobail, is féidir linn tosú trí leas a bhaint as frásaí simplí ar bhonn laethúil cosúil le “Go raibh maith agat” nó “Slán”.

Seoladh féile ar líne SnaGÁCT an 15 Feabhra le Méara Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, An Cmlr. Ed O’ Brien. Reáchtálfar an clár idir 1-17 Márta. Feicfear imeachtaí do chách sa chlár plódaithe ar líne i mbliana lena n-áireofar ceolchoirm speisialta ar líne le Kíla, i gcomhar le hÁras Chrónáin agus le Féile Fhíorúil Lá Fhéile Pádraig, Ciorcal Comhrá, Grúpaí Comhrá, Ranganna Gaeilge, ceardlanna, seisiúin cheoil thraidisiúnta, agus go leor imeachtaí siamsúla eile nach iad, beidh Gach ceann ar Líne agus beidh Gach ceann SAOR IN AISCE.

Agus tagairt á déanamh don chlár imeachtaí i mbliana dúirt An Méara O’Brien “thabharfainn spreagadh do gach uile dhuine a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge mí an Mhárta bheag seo, agus leas a bhaint as an linn sin chun freastal ar an oiread imeachtaí ar líne agus is féidir leo. Ná déan dearmad leas a bhaint as do chúpla focal le linn glaonna ar líne chun tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge inár ngnáthshaol laethúil!”

Le haghaidh tuilleadh faisnéise agus leis an mbileog a íoslódáil tabhair cuairt ar Bileog SnaG2021

 

Seisiúin an Árais (S1)

Aoine 5ú Márta 2021 ag 8.00p.m. (fad 30 nóiméad)

Sraith de Cheoil, Amhráin agus Scéalta ó aoinna speisialta agus cairde Áras Chrónáin. Sa chéad sraith tá triúir ag casadh amhráin – Damian Mac Gabhann ag cannadh ‘Tá mé mo shuí’, Caoimhe Hogarty le ‘A Sailors Life’ agus Mike Hanrahan le ‘Chase the Moon’. Bhí gach ceann acu taifeadta in Áras Chrónáin, Ionad Cultúir, Baile Átha Cliath, Éire.

Seisiúin an Árais Clic Anseo