KILA @araschronain

KÍLA Ealaíontóir Cónaithe 2021 in Áras Chrónáin

Tá lúcháir orainn a fhógairt agus fáilte a chur roimh KÍLA mar Ealaíontóir Cónaithe 2021 in Áras Chrónáin.

Tacaíonn Áras Chrónáin le healaíontóirí tríd ár gclár Ealaíontóir Cónaithe. Tugann Áras Chrónáin am agus spás d’ealaíontóir a gcuid ceirde a fhorbairt agus a thaispeáint i dtimpeallacht cruthaitheacha in Áras Chrónáin.

Roghnaigh KÍLA Áras Chrónáin mar ionad do cheolchoirm na Féile Pádraig 2021 a thaifead. Craolfar ceolchoirm KÍLA BEO ar an Aoine 12ú Márta 2021 ag 9.00p.m. ar https://www.stpatricksfestival.ie/events/kila, ag leanúint an nós ceol in Áras Chrónáin mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

KILA BEO Aoine 12 Márta 2021 ag 9.00p.m.