Tá bhur dtacaíocht fhisiciúil agus i dtaobh airgeadais ríthábhachtach dúinn in Áras Chrónáin. Bheimis an-bhuíoch as bhur dtacaíocht le ballraíocht a thógáil amach agus le daoine eile a spreagadh le clárú a dhéanamh chomh maith.

Is de bharr tacaíocht agus rannpháirtíocht cairde agus baill a bhfuil rath ar mhór obair Mhuintir Chrónáin. Tá ballraíocht oscailte agus cuirtear fáilte roimh ball nua i gcónaí. Cuidíonn rannpháirtíocht agus síntiús ballraíochta l’eagrú, feidhmiú, forbairt agus fadsaoil Áras Chrónáin, Ionad Cultúir.

Le bheith i do bhall cliceáil anseo thíos:

Cliceáil anseo – Cláraigh do Bhallraíocht

DO BHALLRAÍOCHT – Céard a fhaigheann tú:

  • A bheith páirteach de PHOBAL EISIACH atá ag caomhnú agus ag cur chun cinn an Ghaeilge, an Chultúir agus na hEalaíne.
  • LASCAINE ar cheolchoirmeacha, drámaí, ranganna Gaeilge, ranganna ceoil, agus imeachtaí eagraithe ag Áras Chrónáin
  • SAOR CEAD ISTEACH chuig Seisiúin Ceoil Traidisiúnta agus Seisiúin Mall in Áras Chrónáin.
  • CUIREADH EISIACH do bheirt chuig gach taispeántas, seoladh agus imeachtaí speisialta.
  • Iontráil i gCRANNCHUR bhliantúil do ‘Ticéid Órga an Árais’, faigheann an buaiteoir saor cead isteach chuig gach imeachtaí a eagraíonn Áras Chrónáin ar feadh bliain.
  • LASCAINEar áiseanna an Árais d’úsáid pearsanta agus d’úsáid gnó.
  • CEAD ISTEACH chuig imeachtaí do bhaill amháin.
  • SÍNTIÚS SAOR le nuachtlitir digiteach