FOLÚNTAS POIST – Oifigeach Pleanála Teanga (OPT)

 Líonra Gaeilge, Sráidbhaile Chluain Dolcáin

Tá post Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Líonra Gaeilge, Sráidbhaile Chluain Dolcáin chun comhordú a dhéanamh ar phlean teanga Sráidbhaile Chuain Dolcáin.

Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus beidh féidearthachtaí fostaíochta seasta ann, ag bráth ar mhaoiniú. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bearta an phlean teanga. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Muintir Chrónáin CTR, i gcomhar le Coiste Stiúrtha Líonra Gaeilge, Sráidbhaile Chluain Dolcáin agus ag obair go dlúth leis an gCoiste Stiúrtha maidir le clár oibre aontaithe a chur i bhfeidhm.

Tá an post an Oifigeach Pleanála Teanga ar an scála tuarastail seo a leanas mar atá leagtha amach ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: €35,000- €50,000 (Tús phointe ag braith ar cáilíochtaí agus taithí)

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an phost seo, Foirm iarratais agus pacáiste iarratas a lorg ó Coiste Stiúrtha Líonra Gaeilge Sráidbhaile Chluain Dolcáin, trí r-phost a chur chuig lionraSCD@araschronain.ie

Glacfar le hiarratais suas go 12:00 meán lae de hAoine 03 Meitheamh 2022 ag lionraSCD@araschronain.ie

Ní ghlacfar le taiscthí déanacha.

Oifigeach Pleanála Teanga  -Foirm Iarratais Post agus pacáiste eolais: Seol Rphoist chuig lionraSCD@araschronain.ie –

Spriocdháta don Iarratas poist: 12:00 meán lae  Aoine 03 Meitheamh 2022

Seolfar na hiarratais seo chuig lionraSDC@araschronain.ie

Fógra Poist: Líonra SCD – OPT – Fógra PoistLíonra SCD – OPT – Fógra Poist (6.22)

Foirm Iarratais:Foirm Iarratais – Líonra Gaeilge Sráidbhaile Chluain Dolcáin OPT (6.22)