Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2022

Os Coinn 100 imeacht ar fud fad Átha Cliath Theas le linn Seachtain na Gaeilge 2022.

SnaGACT2022(WEB) – IMEACHTAÍ SNAGÁCT 2022 CLIC ANSEO

A chairde,

Mar Ghael, agus mar bhall bródúil de Mhuintir Chrónáin, is onóir mhór bheith i mo Mhéara le linn Seachtain na Gaeilge. Tá Seachtain na Gaeilge  Átha Cliath Theas ar an bhféile Ghaeilge is mó  sa tír, agus táim an-bhuíoch as an iarracht a chuireann Comhairle Contae Átha CliathTheas, Leabharlanna  Átha Cliath Theas agus Muintir Chrónáin gach uile bliain chun an Teanga Náisiúnta a chur chun chinn. Is seod   an Ghaeilge, agus ba chóir dúinn í a chaomhnú cinnte, ach ní haon iarsma í. Bíodh sí beo agaibh gach aon lá, mar theanga bheo, mar mheán cumarsáide, mar bealach chun sibh féin a chur in iúl, le Gach Duine, Gach Áit, Gach Lá . Coimeád slán don chéad ghlúin eile í, agus bíodh sí ar bhur mbeola. Is linne ar fad í.

Peadar Ó Caomhánaigh, Cllr

Méara Átha Cliath Theas

 

Tá Seachtain na Gaeilge linn arís agus molaim gach duine atá tar éis cuidiú leis an gclár leathan d’imeachtaí a bhéas ar fáil i 2022  idir na Leabharlann sa Chontae , Áras Chrónáin Ionad Cultúir, agus SnaGÁCT, Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas. Is deis iontach é dúinn ar fad ár gcuid Gaeilge nó cúpla focal a úsáid i rith Sheachtain na Gaeilge. 

Tabhair tacaíocht dár bhfeachtas ‘Gaeilge le Chéile’, trí níos mó deiseanna a chruthú agus a spreagadh do dhaoine an Ghaeilge a úsáid gach lá, ag tosú le rud simplí ar nós ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ agus iad a úsáid Gach lá, Gach áit le Gach duine. Chuig sinn tá clár leathan d’imeachtaí ag tarlú in Átha Cliath Theas linn Seachtain na Gaeilge ó GIG mór le KILA ar an Aoine 25ú Márta, Dianchúrsa Gaeilge le Ray Mac Manus in Áras Chrónáin ar an  11ú agus 12ú Márta, Ranganna Gaeilge ceardlanna éagsúla sna Leabharlanna, POP-UP Gaeltacht, seisiúin ceoil, agus ar ndóigh maidineacha chaife agus ciorcail comhrá tríd an Chontae.

Ná déan dearmad ar na paráid agus Ceol de scoth Oíche Féile Pádraig in Áras Chrónáin Ionad Cultúir.

Ag súil le sibh a fheiceáil agus cúpla focal a roinnt ar a chéile

Ádh mór, Bernard Dunne, Patrúin SnaGÁCT