BEITHILÍN BEO, ANIMHÍ BEO, AISTEOIRÍ BEO agus SPIROAD NA NOLLAG

De thoradh an éacht a rinne Aisteoirí Chrónáin anuraidh leis an mBeithilín Beo a chur os comhair an phobail, an t-aon ceann sa tír, le tacaíocht ó Cumann Creidmheas An Túr Chluain Dolcáin, Ionad Garraíodóireacht Nua Thalún, Cuisine de France, Comhairle Chontae Áth Cliath Theas, Cumann Tráchtála Chluain Dolcáin agus ó Fhoras na Gaeilge, tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh An Beithilín Beo ar siúl ar an Satharn 14ú agus Domhnach 15ú de Mí na Nollag 2019 in Áras Chrónáin ionad Cultúrtha i gCluain Dolcáin, B.Á.C. 22. Arís i mbliana gealltar go mbeidh sé an-speisialta agus taitneamhach arís i mbliana.

Cinnte de go mbainfidh gach aon duine ó 3 bl go 93bl taitneamh, iontas agus go mblaisfidh cách spiorad na Nollag ón léiriú leithleach seo ón bpobail.

Is iad Muintir Chrónáin agus muintir na háite a bhéas i mbun an Beithilín a thógáil sa sean stíl…ní bheidh ‘drill’ na tairne le feiceáil. 

Is coincheap é an Beithilín Beo d’iar-aisteoir de Ros na Rún, Breandán Ó Muirí. ‘Sé Brían Ó Gáibhín a mbíonn  i mbun léirú  agus faoi stiúir ag Óisín Mac Tiarnáin. S’iad foireann agus criú an Beithilín Beo ná Aisteoirí Chrónáin agus cairde Mhuintir Chrónáin agus Áras Chrónáin.

Cead Isteach SAOR agus beidh tae, caife, seacláid the agus pióga mionra ar fáil. Is féidir síntiús a thabhairt a bheidh ina chabhair chun a cinntiú go leanfaidh an togra pobail seo.

  • ÓCÁID/EVENT:            Beithilín Beo – LIVE CRIB (Ainmhithe, Aisteoirí agus Spiorad na Nollag –Animals, Actors, Christmas Spirit)
  •  CATHAIN/WHEN:       Satharn 10ú & Domhnach 11ú Mí na Nollag 2022
  • CÉN ÁIT/WHERE:        Áras Chrónáin, Lána Uisce , Bóthar an Úlloird Cluain Dolcáin , Baile Átha Cliath 22 , D22X856
  • AM/TIME:                   1:00p.m. – 5.00p.m. (Léiriú gach 45 Nóiméad – PERFORMANCES every 45 Minutes)
  •  CEAD ISTEACH/ ADMISSION:                SAOR/FREE