Beithilín Beo – LIVE CRIB

(Ainmhithe, Aisteoirí agus Spiorad na Nollag –Animals, Actors, Christmas Spirit)

  • Satharn 13ú & Domhnach 14ú Mí na Nollag 2025
  • Saturday 13th and Sunday 14th   December 2025

AM/TIME: 2:00p.m., 3.00p.m., 4.00p.m. agus 5.00p.m.

CEAD ISTEACH/ ADMISSION: SAOR/FREE

  

San Iodáil, is traidisiún é i mórán bailte go ndéanann muintir na háite léiriú ar chliabhán na Nollag. Ba é an chéad uair a tharla sé seo i mBaile Átha Cliath ná sa bhliain 2005 in aon cheann de na hionaid chultúrtha is nuálaí agus is cruthaithí sa chontae, Áras Chrónáin.

Imeacht an-speisialta arís an Nollaig seo i gCluain Dolcáin. Cuirfidh pobal Áras Chrónáin agus Muintir Chrónáin Beithilín Beo i láthair, ina mbeidh asail, laonna, uain, agus ar ndóigh, aisteoirí ag léiriú róil thraidisiúnta Mhuire, Iósaef, aoirí, ríthe agus an leanbh Íosa. Is cuid riachtanach den dearadh iad na cultacha barántúla.

I ré ina bhfuil spiorad na Nollag á chreimeadh i gcónaí ag spéis tráchtála, cuireann Áras Chrónáin agus Muintir Chrónáin eispéireas spioradálta ar fáil nach bhfuil a leithéid ann cheana.

Níl aon idirphlé sa Beithilín Beo, tá sé cóiréagrafaithe le Ceol Oirthearach atá bailithe go speisialta, agus tugann an Beithilín Beo deis don lucht féachana fíor-thuiscint a fháil ar spiorad na Nollag.

Beidh Beithilín Beo na bliana seo ar siúl in Áras Chrónáin D22X856 Dé Sathairn an 13ú agus Dé Domhnaigh an 14ú Nollaig 2025. Beidh léirithe ann gach lá ag 2:00 i.n., 3:00 i.n., 4:00 i.n. agus arís ag 5:00 i.n.

Tá cead isteach saor in aisce agus cuirfear Seacláid Te agus pióga mionra ar fáil i ndiaidh gach léirithe sa Seomra Siamsa in Áras Chrónáin, D22X856. Glacfar le síntiúis.

In Italy it is a tradition in many towns that the Christmas crib be portrayed by locals. First time this occurred  in Dublin was in 2005 in one of the county’s most innovative and creative cultural centres, áras chrónáin.

A very special happening again this Christmas in Clondalkin.  Where the community of Áras Chrónáin and Muintir Chrónáin will present an Beithilín Beo – Live Crib, complete with donkeys, calves, lambs, and of course, actors portraying the traditional roles of Mary, Joseph, shepherds, kings and baby Jesus. Authentic costumes are an essential part of the design.

In an age when the spirit of Christmas is constantly being eroded by commercial interest, Áras Chrónáin and Muintir Chrónáin offers a spiritual experience like no other.

There is no dialogue in the Beithilín Beo, it is choreographed to specially collated Eastern Music, the Beithilín Beo present the audience with an opportunity to capture a real sense of the spirit of Christmas

This year’s Beithilín Beo will take place in Aras Chrónáin D22X856 on Saturday 13th and Sunday 14th December 2025. There will be performances each day at 2:00p.m., 3:00p.m., 4:00p.m. and again at 5:00p.m.

Admission is free and Hot Chocolate and mince pies will be served after each performance in the Seomra Siamsa in Áras Chrónáin, D22X856. Donations will be accepted.