BEITHILÍN BEO – 2023

BEITHILÍN BEO, ANIMHÍ BEO, AISTEOIRÍ BEO agus SPIROAD NA NOLLAG

De thoradh an éacht a rinne Aisteoirí Chrónáin anuraidh leis an mBeithilín Beo a chur os comhair an phobail, an t-aon ceann sa tír, le tacaíocht ó Cumann Creidmheas An Túr Chluain Dolcáin, Ionad Garraíodóireacht Nua Thalún, Comhairle Chontae Áth Cliath Theas, Cumann Tráchtála Átha Cliath Theas agus ó Fhoras na Gaeilge, tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh An Beithilín Beo ar siúl ar an Satharn 16ú agus Domhnach 17ú de Mí na Nollag 2023 in Áras Chrónáin ionad Cultúrtha i gCluain Dolcáin, B.Á.C. 22. Arís i mbliana gealltar go mbeidh sé an-speisialta agus taitneamhach arís i mbliana.

Cinnte de go mbainfidh gach aon duine ó 3 bl go 93bl taitneamh, iontas agus go mblaisfidh cách spiorad na Nollag ón léiriú leithleach seo ón bpobail.

Is iad Muintir Chrónáin agus muintir na háite a bhéas i mbun an Beithilín a thógáil sa sean stíl…ní bheidh ‘drill’ na tairne le feiceáil.

Is coincheap é an Beithilín Beo d’iar-aisteoir de Ros na Rún, Breandán Ó Muirí. ‘Sé Brían Ó Gáibhín i mbun léiriú agus faoi stiúir ag Óisín Mac Tiarnáin. S’iad foireann agus criú an Beithilín Beo ná Aisteoirí Chrónáin agus cairde Mhuintir Chrónáin agus Áras Chrónáin.

Cead Isteach SAOR agus beidh tae, caife, seacláid the agus pióga mionra ar fáil. Is féidir síntiús a thabhairt a bheidh ina chabhair chun a cinntiú go leanfaidh an togra pobail seo.

  • ÓCÁID:            Beithilín Beo – LIVE CRIB (Ainmhithe, Aisteoirí agus Spiorad na Nollag )
  • CATHAIN:       Satharn 16ú & Domhnach 17ú Mí na Nollag 2023
  • CÉN ÁIT:        Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Lána Uisce , Bóthar an Úlloird,  Cluain Dolcáin, D22X856
  • AM:                   2:00p.m., 3.00p.m., 4.00p.m. – 5.00p.m. 
  •  CEAD ISTEACH:                SAOR/FREE