SRÓN & Declan Masterson 13.09.2025

15.00

GIG le

SRÓN

Aoi Speisialta / Guest

Declan Masterson

(Riverdance & Moving Hearts)

SAT 13/09/2025

8.00p.m.

Categories: , , ,

Description

GIG le

SRÓN

Aoi Speisialta / Guest

Declan Masterson

(Riverdance & Moving Hearts)

SAT 13/09/2025

8.00p.m.

Ticéid: €15.00 (lascaine do bail)

 

Srón / The Parson’s Nose

Srón, ar a dtugtar The Parson’s Nose freisin, ag seinm le chéile le breis agus 30 bliain. Is banna ceoil é a bhfuil tionchar ag go leor stíleanna éagsúla ar a gcuid ceoil. Cibé acu ceol traidisiúnta nó ceol tíre, amhránaíocht siopa bearbóra nó rogha amhrán comhaimseartha le tionlacan, ceol ó ealaíontóirí móréilimh nó doiléire, is cinnte go dtabharfaidh Srón an t-éisteoir ar thuras ceoil taitneamhach agus uaireanta neamhghnách. Sheinn Srón go minic ag Féile Cheilteach Lorient (an Bhriotáin sa Fhrainc) agus chas Srón ar son na h-Éireann ag an bhFéile Phan Cheilteach freisin. Tá amhráin a scríobh Aidan agus Damian le chloisteáil ar go leor d’albaim “Réalta” Raidió na Gaeltachta. Tá 2 dlúthdhiosca ag Srón – “Srón Parson’s Nose” (2003) agus “Electric Srón” (2006).

Srón, also known as The Parson’s Nose, have been playing together for over 30 years. It is a band whose music is influenced by many different styles. Be it traditional or folk music, barber shop singing or accompanied contemporary song choices, music by popular or obscure artists, self-penned or covers, Srón is sure to take the listener on an enjoyable and sometimes unusual musical journey. Srón has played on many occasions at the Lorient Celtic Festival (Brittany, France) and also represented Ireland in the Pan Celtic Festival. Songs written by Aidan and Damian appear on many of the Raidió na Gaeltachta “Réalta” albums. Srón has 2 CDs – “Srón Parson’s Nose” (2003) and “Electric Srón” (2006).

Is iad na baill de Srón ná –

  • Aidan Cranny – a chasann giotár, bouzouki agus a chanann
  • Ciarán Massey – a chasann bodhrán agus a chanann
  • Damian Mac Gabhann – a chasann feadóga agus a chanann.
  • Pádraig Walsh – a chasann accordion agus a chanann

 

Declan Masterson

Ba bhall de na bannaí ceoil Moving Hearts, Mosaic & Patrick Street é an píobaire uilleann agus il-uirliseoir Declan. Ó theaghlach ceolmhar ina raibh a bheirt thuismitheoirí ag seinm ceoil, tá taifeadtaí agus seinm déanta aige le h-ealaíontóirí ar nós Clannad, Bryan Adams, Bono, John Denver, Makem & Clancy, Christy Moore, Townes Van Zandt, Danny Doyle, Jim McCann, Bill Whelan, Ronnie Drew agus Andy Irvine i measc daoine eile. Chaith sé blianta fada mar Stiúrthóir Ceoil Riverdance.

Is é Cloch An Phíobaire an séú dlúthdhiosca aonair ag Declan. Tagann teideal an albaim ó phort a chum an mór-phíobaire Liam O’Flynn, nár thaifead sé riamh. Tá 15 rian traidisiúnta píobaireachta air le tionlacan ar mhéarchláir, dordghiotár, bouzouki, giotár agus bodhrán. Tá an fidléir as Brooklyn, Patrick Mangan, le chloisteáil ar dhá rian.

Uilleann piper and multi-instrumentalist Declan was a member of the bands Moving Hearts, Mosaic & Patrick Street. Coming from a musical family where both his parents played music, he has recorded and played with artists such as Clannad, Bryan Adams, Bono, John Denver, Makem & Clancy, Christy Moore, Townes Van Zandt, Danny Doyle, Jim McCann, Bill Whelan, Ronnie Drew and Andy Irvine among others. He has spent many years as the Musical Director of Riverdance.

Cloch An Phíobaire (The Piper’s Stone) is Declan’s sixth solo CD. The title of the album comes from a jig composed by the great Liam O’Flynn, which he had never recorded. It has 15 traditional tracks of piping with accompaniment on keyboards, bass, bouzouki, guitar and bodhrán. Brooklyn fiddle player Patrick Mangan, features on two tracks.