Fáilte go hÁras Chrónáin, Ionad Cultúir. Is fiontar sóisialta, carthanachta, neamhbhrabúis, pobalbhunaithe muid. Is é Áras Chrónáin príomhionad Cultúrtha na hÉireann i mBaile Átha Cliath, atá suite i dteach Seoirseach ar 3 acra de thalún i gcroílár shráidbhaile Chluain Dolcáin i gContae Átha Cliath Theas.

 Is í an phríomhaidhm atá againn ná an Ghaeilge a chur chun cinn, agus í a choinneáil beo mar mheán cumarsáide gníomhach sa lá atá inniu ann, chomh maith le gach gné dár gCultúr agus dár nOidhreacht a chur chun cinn.

Déanaimid é seo trí réimse leathan d’áiseanna agus seirbhísí a chur ar fáil. Cuirimid ranganna oíche Gaeilge chomh maith le ranganna ceoil thraidisiúnta na hÉireann, i réimse leathan uirlisí ón mBainseó, Bodhrán, fidil, feadóg mhór, consairtín agus go leor uirlisí eile do pháistí agus do dhaoine fásta. Bíonn ranganna rince céime agus rince seite do dhaoine fásta ar siúl gach oíche Mháirt freisin.

Bíonn seisiúin cheoil thraidisiúnta ar siúl in Áras Chrónáin gach oíche Déardaoin, Aoine, Shathairn agus Domhnaigh  i rith na bliana, ina mbíonn fáilte mhór roimh bhaill agus chuairteoirí i gcónaí.

Tá clár imeachtaí againn gach bliain, le réimse leathan ceolchoirmeacha, máistir-ranganna, ceadail agus drámaíocht san áireamh. Tá breis is 30 bliain taithí againn anseo in Áras Chrónáin a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le daoine aonair, grúpaí pobail, scoileanna, gnólachtaí, húdaráis áitiúla agus le gníomhaireachtaí stáit, trí spás sármhaith cruinnithe, oiliúna agus imeachtaí a sholáthar.

Tá stiúideo taifeadta agus áiseanna físléiriúcháin den scoth againn anseo in Áras Chrónáin.

Tá stair iontach againn a bheith ag obair ar chomhthionscadail le heagraíochtaí éagsúla, ag cur lena dtáirgí, agus leis an réimse iontach seirbhísí agus gníomhaíochtaí atá ar fáil do phobal Chluain Dolcáin agus Chontae Átha Cliath Theas.

 

Fáilte go Áras Chrónáin Ionad Cultúir, we are a community based, charitable, not-for-profit, social enterprise. Áras Chrónáin is Dublin’s Premier Irish cultural centre, situated in a wonderful Georgian house on 3 acres of land right in the heart of Clondalkin Village in South Dublin County.

Our core aim is the promotion fo the Irish Language, an Ghaeilge, keeping the Irish Language alive as an active meas of communication today, as well as promoting all aspects of our culture and our heritage. We do this through the wide range of facilities and services we provide. We offer evening classes in the Irish Language, Traditional Irish muisc classes in a wide range of instruments, from Banjo, Bodhrán Fidil Flute, Concertina, and much much more for both adults and children. We also have classes in Irish step dancing and Adult set dancing.

At Áras Chrónáin we host traditional Irish music sessions every Thursday, Friday, Saturday and Sunday evenings throughout the whole year where members and visitors are always very welcome.

We have a program of events each year including a wide range of concerts, masterclasses, recitals and drama.

At Áras Chrónáin we have over 30 years of experience of engaging and working in partnership with individuals, community groups, schools, businesses, local authority, and state agencies through providing excellent meeting, training and event space. At Áras Chrónáin we have state of the art recording studio and video production facilities. We have a fantastic history of working on joint projects with various organisations, enhancing their products and adding to the wonderful range of services and activities available to community of Clondalkin and South Dublin County.

We are very proud of our many partnership projects , in particular with South Dublin County Council, the Arts, Libraries and Community Departments, State Agencies, as well as local businesses, on both a local, national and international level.

At Áras Chrónáin we are always open to new ideas and helping you achieve them. We look forward to welcoming you and joining you on the nest step of your creative journey with Áras Chrónáin.

For further information visit our website, araschronain.ie, or call in an visit us. Beidh Fáilte Romhat.

.

Le bheith i do bhall cliceáil anseo thíos / To become a member please click below:

Cliceáil anseo

Áras Chrónáin Físéain