Description
TRADFEST 2027
ANDY IRVINE
Céadaoin 20/01/2027
Doirse: 7.30p.m.
Stáitse: 8.00p.m.
Ticéid: €24.99 (CLIC ANSEO – Click Here)
Tá gairm bheatha fhada rathúil ag Andy Irvine mar cheoltóir traidisiúnta Éireannach. Thaistil sé an domhan mar ealaíontóir aonair agus mar bhall de ghrúpaí Éireannacha clúiteacha ar nós Planxty agus Patrick Street agus le déanaí Mozaik. Le linn a ghairm bheatha fhairsing, choinnigh agus d’fhorbair sé na cáilíochtaí ina cheol a thugann gean dá lucht féachana agus do chomhcheoltóirí araon dó. Tar éis dó dul ar camchuairt le Sweeney’s Men i 1965, lean sé air ag taisteal an domhain, ag fágáil an bhanna i 1968 chun a dhúil fánaíochta a shaothrú. Thaistil sé tríd an mBulgáir, an Rómáin agus an Iúgslaiv, ag déanamh staidéir ar thraidisiúin agus stíleanna ceoil na náisiún seo. Ba iad na turais seo a thug air an bouzouki a ghlacadh ina chuid taibhithe. Thug an uirlis nua seo deis dó a stíl féin a fhorbairt agus ag an am céanna stíl na dtíortha Balcánacha ar thug sé cuairt orthu a fhoghlaim.
Andy Irvine has enjoyed a long and successful career as a traditional Irish musician. He has travelled the world as a solo artist and as a member of legendary Irish groups such as Planxty and Patrick Street and more recently Mozaik. Throughout his extensive career he has maintained and developed the qualities in his music, which endear him to his audience and fellow musicians alike. After his introduction to the world of touring with Sweeney’s Men in 1965, he continued to travel the world, leaving the band in 1968 to pursue his wanderlust. He travelled through Bulgaria, Romania and Yugoslavia, studying the music traditions and styles of these nations. It was these journeys, which led him to adopt the bouzouki in his performance. This new instrument allowed him to develop his own style while learning that of the Balkan countries he visited.
Ar fhilleadh dó ar Éirinn, bhunaigh Andy Planxty lena chomhcheoltóirí Christy Moore, Donal Lunny agus Liam O’ Flynn. Bhain Planxty rath mór agus stádas finscéalach amach ina dhiaidh sin, ag athbheochan an cheoil thraidisiúnta mar sheánra coitianta. Cé gur ghlac Planxty sos i 1967, thóg Andy an t-am chun píosa oibre eile a thaifeadadh le Paul Brady. Thaifead an bheirt albam clasaiceach le chéile, dar teideal simplí “Andy Irvine & Paul Brady”. Rinne Planxty athghrúpa ó 1979 – 1983. Nuair a scaoileadh an grúpa go buan, thosaigh Andy ar a ghairm bheatha aonair. Thaifead sé a chéad albam “Rainy Sundays…. windy dreams” go gairid ina dhiaidh sin. Ba é “Parallel Lines” a dhara halbam, albam dé-cheoil leis an dtrúbadúr mór Albanach, Dick Gaughan.
On his return to Ireland, Andy formed Planxty with fellow musicians Christy Moore, Donal Lunny and Liam O’ Flynn. Planxty went on to achieve huge success and legendary status, reigniting traditional music as a popular genre. While Planxty took a break in 1967, Andy took the time to record another piece of work with Paul Brady. The two recorded a classic album together, simply entitled “Andy Irvine & Paul Brady”. Planxty regrouped from 1979 – 1983. When the group permanently disbanded, Andy began his solo career. He recorded his first album “Rainy Sundays…. windy dreams” shortly after. His second album was “Parallel Lines” a duo album with the great Scots troubadour, Dick Gaughan.






