Eolas Fúinn

ÁRAS CHRÓNÁIN, IONAD CULTÚIR

Is é Áras Chrónáin, Ionad Cultúir lárionad Mhuintir Chrónáin. Is áít sainiúil í ina mbaineann idir óg agus aosta ó gach aicme spraoi is taitneamh as Cultúir Beo na Tíre; an Ghaeilge, an Ceol, Amhráin agus Rincí bríomhara i gcomhluadar Gaelach. Is teach iontach den 19ú aois é Áras Chrónáin, Ionad Cultúir atá suite ar 2.9 acra i gceartlár Chluain Dolcáin.

MUINTIR CHRÓNÁIN ‘Sé mana Mhuintir Chrónáin ná “Gaeilge Lenár Linn”. Bíonn pobail Mhuintir Chrónáin ag forbairt agus ag cur chun cinn Teanga (in atmaisféar taitneamhach spraoiúl), Ceol, Cultúr agus Oidhreacht na hÉireann trí imeachtaí sóisialta agus oideachasúla a eagrú agus feidhmiú Áras Chrónáin Ionad Cultúir.

TACAÍOCHT agus RANNPHÁIRTÍOCHT Is de bharr tacaíocht agus rannpháirtíocht cairde agus baill a bhfuil rath ar mhór obair Mhuintir Chrónáin. Tá ballraíocht oscailte agus cuirtear fáilte roimh ball nua i gcónaí. Cuidíonn rannpháirtíocht agus síntiús ballraíochta l’eagrú, feidhmiú, forbairt agus fadsaoil Áras Chrónáin, Ionad Cultúir.

RANGANNA OICHE Bíonn ranganna oíche agus i nGaeilge Labhartha (Daoine Fásta), Ceol, os cionn 10 n-uirlís (Daoine Fásta & Páistí) ar fáil in Áras Chrónáin Ionad Cultúir. Bíonn na ranganna oíche ar siúl ó Meán Fómhair go Meitheamh. Freastalaíonn na ranganna ar na leibhéil cumais difriúla, ó thosaiheoirí go ard leibhéal.

UAIREANTA OSCAILTE I RITH NA SEACHTAINE AN TEACH AGUS AN OIFIG -Luan go Déardaoin 9.00a.m.-4.30p.m., Aoine 9.00a.m.-2.00p.m.

BEÁR AGUS CEOL Déardaoin 8.30p.m. – Seisiúin Ceol Oscailte Aoine 8.30p.m. – Seisiúin Ceol, Amhránaíochta agus Rince Satharn 8.30p.m. – Seisiúin Ceol Oscailte Domhnach 8.30p.m. – Seisiúin Ceol Oscailte

IMEACHTAÍ RIALTA Ranganna Rince Seite gach oíche Aoine – 9.00-10.30p.m. (Táille €5)

CEOLCHOIRMEACHA, GIGS, DRAMAĺ & IMEACHTAÍ Gabh chuig: www.araschronain.ie agus www.facebook.com/araschronain

IONAD AR CHÍOS Ta Áras Chrónáin, Ionad Cultúir ar fáil ar chíos do chruinnithe, comhdhálacha, seoltaí, cúrsaí oiliúna, imeachtaí príobháideacha, cóisir, bainise, srl Fiosrúchán: Fón: +353-1-4574847 R: eolas@araschronain.ie

IONAD DO BHAINIS Seirbhís ar fáil i nGaeilge

EOLAS – INFORMATION Má theastaíonn eolas uait faoi Áras Chrónáin, Ionad Cultúir ní gá ach glaoch a chur ar an oifig, r-phost a sheoladh, gabh chuig ar leacthanach Facebook, gabh chuig ar suíomh gréasáin www.araschronain.ie nó buail isteach chuig an tÁras, áit ina mbeidh fáilte romhat. Ag súil le bualadh leat