Bríd’ – Saol agus Oidhreacht – Seó Ceoil (Premiere)
Beimid beo dé Luain
Lá le Bríde,
1ú Feabhra 2021
ag 7.30p.m.
Bígí Linn ….Clic Nasc Anseo: https://youtu.be/EwjNBMG9tYU
‘Bríd – Seó Ceoil’ nuachumtha le linn 2020 agus sríanta Covid. Is é Damian Mac Gabhann a chruthaigh an seó agus a scríobh liricí amhráin. Is é Declan Masterson a chum agus a d’eagraigh an ceol. Bhí Alan Doherty i mbun taifead na h-amhránaithe, stiúriú agus eagarthóireacht físeáin agus is é Brian Ó Gáibhín a léirigh agus a stiúir ‘Bríd’.
Bhí sé i gceist ón gcéad lá go mbeadh ‘Bríd – Saol agus Oidhreacht – Seó Ceoil’ á léiriú ar an stáitse mhór. De thoradh sríanta Covid tá físeán gearr curtha le chéile agus beidh sé i gceist ‘Bríd’ a fhorbairt agus a leathnú sa todhchaí nuair a bheidh deireadh le na sríanta.
Tá súil againn go mbaineann sibh taitneamh as an nua-phíosa ealaíne speisialta seo.
Thacaigh Éire Ildánach Átha Cliath Theas, agus an Roinn Ealaíne Comhairle Contae Átha Cliath Theas le “BRÍD”


![The 12th Annual Ciarán Carr Christmas Busk takes place Saturday December 20th | 7.30pm Clondalkin Credit Union
Clondalkin’s biggest musical showcase of the year with artists from all corners of Ireland taking part 🌟
Featuring: Kiera Dignam, Brídín, Cailíní Lua, CARRON, Zoe Clarke, Kylabelle, Colm Gavin, Bogga Frogs, Sadhbh Keane & many more
Spread the word - DO NOT MISS IT ‼️‼️‼️
[Footage by @daoirifarrellmusic ]](https://araschronain.ie/wp-content/plugins/instagram-feed/img/placeholder.png)