
Folúntas – Oifigeach Pleanála Teanga (CPT) – Líonra Gaeilge, Sráidbhaile Chluain Dolcáin
Tá post Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Líonra Gaeilge, Sráidbhaile Chluain Dolcáin
Líonra Gaeilge i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012 agus Aguisín B (Coimitmintí Rialtas na hÉireann) sa Chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua. Is plean teanga seacht mbliana atá i gceist, atá mar aidhm aige líon cainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú agus cur le na deiseanna úsáide teanga i (Líonra Gaeilge) Sráidbhaile Chluain Dolcáin. Beidh priomhfhreagracht ag an Oifigeach Pleanála Teanga (Comhordaitheoir) an plean a chur i bhfeidhm, thar ceann an Choiste Stiúrtha.
Is post ar chonradh dhá bhliain atá á thairiscint agus beidh féidearthachtaí fostaíochta seasta ann, ag bráth ar mhaoiniú. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bearta an phlean teanga. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Muintir Chrónáin CTR, i gcomhar le Coiste Stiúrtha Líonra Gaeilge, Sráidbhaile Chluain Dolcáin agus ag obair go dlúth leis an gCoiste Stiúrtha maidir le clár oibre aontaithe a chur i bhfeidhm.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in Áras Chrónáin, Ionad Cultúir Luan go hAoine. Seans go ndéanfar socruithe breise cian-oibre (obair ón mbaile) de réir srianta sláinte. Beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí oibre ó am go céile. Beidh taisteal i gceist leis an bpost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána a bheith acu. Beidh sé riachtanach go ndéanfaidh an Oifigeach Pleanála Teanga freastal leanúnach agus rialta ar chruinnithe de chuid Chomhchoiste Náisiúnta Líonraí Gaeilge, agus ar chruinnithe pleanála teanga eile de réir mar is cuí.
Tá an post an Oifigeach Pleanála Teanga ar an scála tuarastail seo a leanas mar atá leagtha amach ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: €36,450 – €51,750
Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an phost seo, Foirm iarratais agus pacáiste iarratas a lorg ó Coiste Stiúrtha Líonra Gaeilge Sráidbhaile Chluain Dolcáin, trí r-phost a chur chuig lionraSCD@araschronain.ie
Glacfar le hiarratais suas go 12:00 meán lae de hAoine 14 Samhain 2025 ag lionraSCD@araschronain.ie
Ní ghlacfar le taiscthí déanacha.
PLEAN TEANGA LÍONRA GAEILGE SRÁIDBHAILE CHLUAIN DOLCÁIN
Critéir Riachtanacha
- Ardchaighdeán Gaeilge, idir scríofa agus labhartha;
- Ardscileanna idirphearsanta agus tiomantas I dtaobh chur chun cinn na Gaeilge;
- Taithí trí bliana, ar a laghad, d’obair forbartha pobail;
- Taithí faoi leith ar bhainistíocht tionscadail in earnáil na Gaeilge;
- Taithí ar phleanáil straitéiseach agus ar fhorbairt tionscadail aitheanta;
- Céim aitheanta sa Ghaeilge, nó a chomhionann de chéim ag leibhéal Ollscoile;
- Ard-scileanna pleanála maidir le tionscadail a ullmhú, a fhorbairt, agus an t-athbhreithniú agus an tuairisciú / measúnú cuí a dhéanamh ina léith;
- Taithí faoi leith ar thuairiscí ag ard-chaighdeán a ullmhú, taighde a chur i gcrích / a chur in eagar, agus a chur ar fáil don phobal;
- Taithí faoi leith ar bhainistíocht airgeadais agus buiséid, mar aon le freagracht a ghlacadh as tuairiscithe Airgeadais a ullmhú;
- Ard-scileanna cumarsáide, margaíochta agus poiblíochta, mar a bhaineann siad leis na meáin shóisialta agus leis na meáin tráidisiúnta ar aon;
- Taithí ar iarratais mhaoinithe a ullmhú agus a chur i gcrích.
Critéir inmhianaithe
- Iarchéim nó máistreacht aitheanta i bPleanáil teanga, nó a chomhionann d’ábhar mar a bhaineann le forbairt pobail nó teanga;
- Taithí ar bhainistíocht foirne;
- Taithí ar thaighde a chur i gcrích agus a fhoilsiú ag ard-chaighdeán;
- Ard-scileanna ríomhaireachta mar a bhaineann le dearadh, graificí agus eagarthóireacht físe;
- Cáilíocht bhreise mar a bhaineann le bainistíocht, ceannaireacht nó gobharnóireacht
- Taithí abhcóideachta agus stocaireachta mar a bhaineann le cúrsaí teanga, acmhainní agus ceartais.
- Saineolas breise in aon cheann de na cleachtais shochtheangeolaíochta mar a bhaineann le forbairt polasaithe agus gníomhartha sna réimsí aitheanta seo a leanas: óige, teaghlaigh, oideachas, ealaín, meáin chumarsáide, gnó, luath-bhlianta agus spórt