Nuacht, News, Gaeilge le Chéile, Uncategorized

Nollaig na mBan Shona Daoibh

NOLLAIG na mBAN Shona Daoibh

Oíche Nollaig na mBan

Bhí fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir,

Aréir oíche Nollaig na mBan,

As gealt-teach iargúlta tá laistiar den ré

Is do scréach tríd an spéir chughainn ’na gealt,

Gur ghíosc geataí comharsan mar ghogallach gé,

Gur bhúir abhainn shlaghdánach mar tharbh,

Gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal

A las ’na splanc obann an fhearg.

Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin

An oíche go mbeadsa go lag

Ag filleadh abhaile ó rince an tsaoil

Is solas an pheaca ag dul as,

Go líonfaí gach neomat le liúrigh ón spéir,

Go ndéanfaí den domhan scuaine scread,

Is ná cloisfinn an ciúnas ag gluaiseacht fám dhéin,

Ná inneall an ghluaisteáin ag stad.

(Séan Ó Riordáin)

Women’s Christmas

There was power in the storm that escaped last night,

last night on Women’s Christmas,

from the desolate madhouse behind the moon

and screamed through the sky at us, lunatic,

making neighbours’ gates screech like geese

and the hoarse river roar like a bull,

quenching my candle like a blow to the mouth

that sparks a quick flash of rage.

I’d like if that storm would come again,

a night I’d be feeling weak

coming home from the dance of life

and the light of sin dwindling,

that every moment be full of the screaming sky,

that the world be a storm of screams,

and I wouldn’t hear the silence coming over me,

the car’s engine come to a stop.

SEAN O RIORDAIN

News, Nuacht, Gaeilge le Chéile, Uncategorized @ga